Search results for:
No result found! Try with different keywords!
Advertisement

Mórdhinnéar Na Gaeil Óga 2019

Advertisement

Mórdhinnéar Na Gaeil Óga 2019


Tá an t-am sin den bhliain tagtha...
Cuireann sé áthas orainn cuireadh a thabhairt duit chuig an ócáid is mó sa bhliain, Mórdhinnéar Na Gaeil Óga 2019.
Cuirfear fáilte romhat ag ár gceiliúradh a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 16 Samhain san Hilton Charlemont, BÁC 2.

Is deis í seo teacht le chéile mar chumann agus mar phobal. Beimid ag breathnú siar ar an mbliain a bhí ag ár bhfoirne ar fad; idir óg agus aosta, agus cuirfimis críoch spleodrach leis an mbliain imeartha seo.

Ar an oíche í féin, beidh béile blasta 4 chúrsa ó fhoireann an Hilton Charlemont agus bronnfar gradaim éagsúla ar na foirne ar fad; Imreoir na Bliana san áireamh.

Chomh maith leis sin, tabharfar aitheantas speisialta do dhuine amháin ar an oíche. Bronnfar príomhghradam na bliana, Gradam Sheáin Uí Laighin ar an duine a chabhraigh leis an gcumann a chur chun cinn agus sinn ag fás agus ag forbairt le cúpla bliain anuas.

I ndiaidh na ndualgas oifigiúil ar fad, ligfimis ár scith agus beidh roinnt damhsa againn le DJ ag casadh go dtí a 2am.

Cuirfear fáilte roimh éinne a bhí ag imirt linn nó ag tacú linn thar na blianta, seanchairde agus baill nua.
Ba mhór dúinn dá mbeadh sibh inár dteannta linn agus sinn ag déanamh ceiliúradh ar an mbliain seo.

Mórdhinnéar Na Gaeil Óga CLG
Hilton Charlemont,
Plás Charlemont,
BÁC 2.
Dé Sathairn, 16 Samhain 2019
7pm

AIRE:
***Caithfear íoc as ticéid roimh ré - ní ceadófar íoc as ticéid ar an oíche***
Ticéid: €50
Lá deireanach do dhíolacháin: Dé Domhnaigh, 10 Samhain 2019.



Map Hilton Dublin, Dublin, Ireland
Report a problem

Are you going to this event?

Advertisement

More Events in Dublin

Explore More Events in Dublin