X
Search results for:
No result found! Try with different keywords!
Users
Organizers
Events
Advertisement
Oh Snap, this is a past event! 😵

Do you want to get notified when this event happens again?

Glac na Pointí: Bain Amach Barr do Chumais

Advertisement

Glac na Pointí: Bain Amach Barr do Chumais


Beidh Na Gaeil Óga ag eagrú lá traenála den chéad uair riamh chun cabhrú le baill fásta an chumainn barr a gcumais a bhaint amach. Beidh scoth na gcainteoirí ar an lá a thabharfaidh léargas ar:


* Gortuithe a sheachaint / Cóitseála nirt & aclaíochta
* Forbairt ar scileanna teicniúla
* Ullmhú intinne
* Cothúchán bia
* Tábhacht le cothromaíocht sa saol


Cuirfear an lá i láthair le cabhair ó chraoltóir aitheanta Aonghus Ó hEochaidh (TV3 & TG4) & Mícheál Ó Leidhin (RTÉ RnaG).


I measc na gcainteanna deimhnithe go dtí seo tá:


Donal O'Grady - Ag Cothú Cultúr de Chinnirí
Iar-bhainisteoir & imreoir buacach é Donal le Corcaigh a chothaigh ceann de na foirne is aitheanta sa CLG le 30 bliain anuas. Beidh Donal ag tabhairt dianthuiscint dúinn ar an tábhacht le féinchinnireacht agus ról an imreora aonaraigh i gcultúr cinnireachta a chruthú.


Dr. Ella McCabe - Ag Tarraingt ó Thobar na Muiníne
Siceolaí spóirt clinicúil a oibríonn le Rugbaí Laighin, beidh Ella ag caint faoin tábhacht a bhaineann le muinín ar an bpáirc agus as an bpáirc agus conas meon muiníneach agus dearfach a chruthú agus a iompar leat tríd do shaol imeartha, oibre agus pearsanta.

Kate McDaid - Den Duine an Bhia

Scoth an tsaineolaí cothucháin bhia & feidhmíocht í Kate a bhfuil comhlacht saincomhlaireachta NutriKate idir láimhe aici. Bíonn Kate ag obair go dlúth leis an bpobal lúthchleasaíochta le taithí aici ag obair le foirne idir-chontae CLG araon le foireann ard-caighdéan cispheile in Éirinn agus sna Ríocht Aontaithe. Cabhróidh Kate linn gearradh tríd an raiméas a feictear go minic sna meáin cumarsáide agus eolas crúinn sholáthair maidir le cothucháin do gach reimse feidhmíochta.

Darragh Ó Briain - 5 Druil Gur Féidir Déanamh Leat Féin Le Forbairt Mar Pheileadóir

Imreoir idir-chontae Ceatharlach agus cóitseálaí CLG is ea Darragh Ó Briain. Saothraíonn Darragh mar Mhuinteoir Gaeilge agus Corpoideachas i gColáiste Chillian i gCluain Dolcáin. Is as Éire Óg i gCeatharlach do Darragh, club lenár mbuaigh sé Cluiche Ceannais Sinsear Ceatharlach i mbliana. Direoidh seisiún Darragh ar conas gur féidir le himreoirí a scileanna peile lasmuigh den thraenáil traidisiúnta.

Aodán de Paor - Féin-Forbairt An Iomanaí: Ag Cleachtadh Leat Féin

Aithnítear Aodán mar cheann dona coitsealaí óg is fearr in Éirinn. Is traenalaí reatha foireann mionúir iomána BÁC é Aodán. Thuill sé go leor clú agus cáil ar pháirc na hiomána é féin le BÁC agus Cill Mochúda Na Crocáigh. Is ceannrodaí é Aodán le foirne iomána Colaiste Eoin, áit a thog sé foireann iomána na scoile chomh fada le Comortas Roinn A na gColaistí agus ar chuidigh sé le mór imreoirí an lae inniu cosúil le Con O'Callaghan, Danny Sutcliffe & Mark Schutte. Direoidh seisiún ar conas gur féidir le hiománaithe/camógaithe an leas is fearr a dhéanamh as féin-cleachtadh lena scileanna a fhorbairt.





**********

Rachaidh aon bhrabús i dtreo Chiste Forbartha Na Gaeil Óga



Liked this event? Spread the word :

Map Coláiste Íosagáin, Dublin, Ireland
Loading venue map..
Event details from Report a problem

Are you going to this event?

Organizer

Na Gaeil Óga CLG
Advertisement