

# Event Details

- **Event Name**: An Chomhdháil Aiteach
- **Event Start and End Date**: Thu, 18 Jun, 2026 at 09:00 am – Thu, 18 Jun, 2026 at 06:00 pm (+01:00)
- **Event Description**: Bí linn le foghlaim faoi léann na haiteachta trí Ghaeilge  agus le  héisteacht le cuid den ealaín Ghaeilge is nua ó AerachAiteachGaelach.About this EventBa mhaith le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, i gcomhpháirt le hAerachAiteachGaelach, cuireadh a thabhairt don phobal bheith farainn ar champas UCD ag an gcéad Chomhdháil Aiteach den chineál seo sa Ghaeilge.Más mian leat páipéar acadúil (20 nóiméad) nó píosa ealaíne (15 nóiméad) a léiriú ag an gComhdháil tú féin, seo chugat an ghairm ar pháipéir/ealaín:Tá neart taighde ar bun faoi láthair sa ghort seo agus ba mhór againn an deis a thabhairt do thaighdeoirí, acadóirí, ealaíontóirí agus taibheoirí a gcuid taighde agus saothar a chur os comhair an phobail. Chonacthas borradh faoin réimse seo le os cionn 10 mbliana anuas lena n-áirítear drámaí arna léiriú ag AerachAiteachGaelach, staidéar ar theoiric na haiteachta, téarmaíocht aiteach, foclóirí aiteacha, filíocht, taighde sochtheangeolaíochta, léirithe agus go leor eile nach iad.Is é is aidhm don chomhdháil an t-eispéireas aiteach a chíoradh agus a chur i láthair ar bhealach a chuimsíonn an ealaín agus an taighde acadúil araon.Íocfar na healaíontóirí a nglacfar lena n-iarratais as an léiriu a dhéanfaidh siad.Reáchtálfar an chomhdháil seo trí mheán na Gaeilge agus beifear ag súil leis go ndéanfar na painéil agus léirithe as Gaeilge. Tá sé mar rún againn ateangaireacht go Béarla a chur ar fáil ar an lá don lucht féachana.Cuirfidh lucht eagrúcháin na comhdhála fáilte roimh pháipéir ar na téamaí seo a leanas (ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin).Léirithe nó píosaí ealaíne:Léamh filíochtaDrámaí / plé ar dhrámaí aiteachaAistí cruthaitheacha a phléann le téamaí nó topaicí aiteachaAmhráin agus an aiteachtLéirithe damhsaMonalógaAn aiteacht sna meáin nó sa scannánaíochtAn ghrianghrafadóireacht aiteachAn phéintéireacht nó aon fhoirm ghrafach eilePáipéir acadúla:Ról na mban i scéal aiteach na Gaeilge/na hÉireann Aon taighde ar ábhar a bhaineann le pobal LADTA+Taighde ar shaothair litríochta de chineál ar bith a phléann le téamaí aiteachaTaighde foclóireachta, téarmaíochta, aistriúcháin nó corpais a phléann le ceist na haiteachtaAn drámaíocht aiteachForainmneacha agus an GhaeilgeAn tsochtheangeolaíocht agus an aiteachtOideachas na Gaeilge agus an aiteachtAn aiteacht sa bhéaloideasBheimis buíoch díot as blurba 150-200 focal a chur chugainn a dhéanfaidh cur síos ar an bpáipéar taighde nó an píosa ealaíne roimh an 31 Márta 2026 chuig jamie.murphy@ucd.ie. Sa chás go mbeidh ceist agat maidir le píosa taighde nó ealaíne a bheith feiliúnach, is féidir teagmháil neamhfhoirmeálta a dhéanamh linn ar an seoladh ríomhphoist céanna roimh ré. Cuirfimid na hiarrthóirí ar an eolas faoi cé acu a glacadh nó nár glacadh leis an aighniú faoi lár mhí Aibreáin ar a dhéanaí.
- **Event URL**: https://allevents.in/dublin-4/an-chomhdháil-aiteach/100001981020227829
- **Event Categories**: digital-marketing
- **Interested Audience**: 
  - total_interested_count: 0

## Ticket Details

- **Ticket Price Range**: min: 5, max: 5, currency: EUR

## Event venue details

- **city**: Dublin 4
- **state**: DN
- **country**: Ireland
- **location**: Trapdoor @ UCD
- **lat**: 53.2962089
- **long**: -6.2038876
- **full address**: Trapdoor @ UCD, Stillorgan Road, Dublin 4, Ireland

## Event gallery

- **Alt text**: An Chomhdháil Aiteach
  - **Image URL**: https://cdn-az.allevents.in/events7/banners/5e069fd2dd268986843f07c5c2d55806db156cdd3c0a1339c8425c239b9766fd-rimg-w1200-h520-dc18171a-gmir.jpg?v=1769506295

## FAQs

- **Q**: When and where is An Chomhdháil Aiteach being held?
  - **A:** An Chomhdháil Aiteach takes place on Thu, 18 Jun, 2026 at 09:00 am to Thu, 18 Jun, 2026 at 06:00 pm at Trapdoor @ UCD, Stillorgan Road, Dublin 4, Ireland.
- **Q**: How much do tickets cost for An Chomhdháil Aiteach?
  - **A:** Tickets for An Chomhdháil Aiteach are priced at EUR 5 per person. Here's a full breakdown of available ticket types:Ticket TypePriceAvailabilityTicéadEUR 5Available
- **Q**: Who is organizing An Chomhdháil Aiteach?
  - **A:** An Chomhdháil Aiteach is organized by AerachAiteachGaelach.

## Structured Data (JSON-LD)

```json
[
    {
        "@context": "https://schema.org",
        "@type": "Event",
        "name": "An Chomhdháil Aiteach",
        "image": "https://cdn-az.allevents.in/events7/banners/5e069fd2dd268986843f07c5c2d55806db156cdd3c0a1339c8425c239b9766fd-rimg-w1200-h520-dc18171a-gmir.jpg?v=1769506295",
        "startDate": "2026-06-18T09:00:00+01:00",
        "endDate": "2026-06-18T18:00:00+01:00",
        "url": "https://allevents.in/dublin-4/an-chomhdháil-aiteach/100001981020227829",
        "eventStatus": "https://schema.org/EventScheduled",
        "location": {
            "@type": "Place",
            "name": "Trapdoor @ UCD",
            "address": {
                "@type": "PostalAddress",
                "streetAddress": "Stillorgan Road",
                "addressLocality": "Dublin 4",
                "addressRegion": "DN",
                "addressCountry": "IE"
            },
            "geo": {
                "@type": "GeoCoordinates",
                "latitude": "53.2962089",
                "longitude": "-6.2038876"
            }
        },
        "eventAttendanceMode": "https://schema.org/OfflineEventAttendanceMode",
        "description": "Bí linn le foghlaim faoi léann na haiteachta trí Ghaeilge  agus le  héisteacht le cuid den ealaín Ghaeilge is nua ó AerachAiteachGaelach.",
        "offers": [
            {
                "@type": "AggregateOffer",
                "availability": "https://schema.org/InStock",
                "priceCurrency": "EUR",
                "availabilityStarts": "2026-01-27",
                "availabilityEnds": "2026-06-18T18:00:00+01:00",
                "validFrom": "2026-01-27",
                "lowPrice": "5.00",
                "highPrice": "5.00",
                "price": "5.00",
                "url": "https://allevents.in/dublin-4/an-chomhdháil-aiteach/100001981020227829"
            },
            {
                "@type": "Offer",
                "availability": "https://schema.org/InStock",
                "priceCurrency": "EUR",
                "availabilityStarts": "2026-01-27",
                "availabilityEnds": "",
                "validFrom": "2026-01-27",
                "url": "https://allevents.in/dublin-4/an-chomhdháil-aiteach/100001981020227829",
                "price": "5.00",
                "name": "Ticéad"
            }
        ],
        "organizer": [
            {
                "@type": "Organization",
                "name": "AerachAiteachGaelach",
                "url": "https://allevents.in/org/aerachaiteachgaelach/23451804",
                "description": "Is comharghrúpa corraitheach ealaíne é AerachAiteachGaelach a cuireadh ar bun sa bhliain 2020. Is é fís an chomharghrúpa ná deiseanna forbartha, gréasán tacaíochta agus ardán a chur ar fáil d’ealaíontóirí LADTAIÉ+ na Gaeilge agus léirithe ar ardchaighdeán a chur ar siúl le scoth ealaín aiteach na Gaeilge a léiriú don phobal. Cuireann an grúpa leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha i litríocht agus ealaíona na Gaeilge. Tá breis agus 70 ealaíontóirí aiteacha ina mbaill anois, idir aisteoirí, dhrámadóirí, scríbhneoirí, fhilí, cheoltóirí, ghrianghrafadóirí, thaibheoirí draig agus ealaíontóirí físe agus fuaime."
            }
        ]
    }
]
```