X
Search results for:
No result found! Try with different keywords!
Users
Organizers
Events
Advertisement

Mo Scéal Féin - Caint is Comhrá

Advertisement

Mo Scéal Féin - Caint is Comhrá


Bígí linn don tsraith cainteanna saor in aisce seo.

Aoine amháin, uair sa mhí beidh aoíchainteoir againn chun labhairt ar a scéal féin. Beidh comhrá agus plé ansin agus cupán tae/caife.

I NGAEL LINN

35 SRÁID AN DÁMA, BAILE ÁTHA CLIATH 2.

An 7ú Meán Fómhair: Osgur Ó Ciardha @ 3


Is speisialtóir fáilteachais é Osgur, a bhfuil taithí breis agus deich mbliana aige san earnáil turasóireachta. Tá taithí úinéireachta, bainistíochta agus sainchomhairleoireachta aige in Éirinn agus Meiriceá Theas, áit a chaith sé beagnach deich mbliana. Is bainisteoir é faoi láthair ar an mbrú óige ‘Jacobs Inn’, BÁC. 

Bronnadh gradam Glór na nGael 2018 ar an togra ‘Pop Up Gaeltacht’ a chum Osgur agus a chomhbhádóir Peadar Ó Caomhánaigh. Tá suim faoi leith aige i gcúrsaí teanga, fiontair inbhuanaithe, cultúr agus nuálaíocht.

An 12ú Deireadh Fómhair: Sinéad Ní Uallacháin @ 2


Is as Corca Dhuibhne i gCiarraí do Shinéad, ach tá blianta fada caite aici ag obair le Raidió na Gaeltachta, i mBaile Átha Cliath.

Bíonn sí ag plé le cláracha éagsúla an stáisiúin, ina measc Cormac ag a Cúig, Bláthnaid Libh agus Sinéad ar Maidin. Tá suim mhór aici i gcúrsaí aisteoireachta agus ealaíne. Is duine de thriúr an phodchraolta Beo ar Éigean í, a chuireann sí i láthair in éineacht lena comhghleacaithe agus cairde, Áine Ní Bhreisleáin agus Siún Ní Dhuinn.

An 9ú Samhain: Niamh Ní Riain @ 3


Oibríonn Niamh Ní Riain mar Chúntóir Oideachais, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Sular thosaigh sí ag obair mar bhall foirne sa Leabharlann, bhí sí mar threoraí san ionad GPO Witness History agus bhí sí mar threoraí agus níos déanaí, mar bhainisteoir, sa Little Museum of Dublin.

D’fhoghlaim Niamh a cuid Gaeilge agus í ag freastal ar Ghaelscoil, agus tá an Ghaeilge úsáidte aici i mbeagnach gach post a bhí aici go dtí seo. Tá máistreacht ag Niamh sa tseandálaíocht, ach tá suim aici freisin i stair na mban, stair na hÉireann, agus sna healaíona.

An 7ú Nollaig @ 3: TBC


 

 

FAQs

 

How can I contact the organiser with any questions?

Cuir scéal chuig ZmVlbmEgfCBnYWVsLWxpbm4gISBpZQ== / 01-675 3312

 



You may also like the following events from Eventbrite:

Liked this event? Spread the word :

Map Gael Linn, 35 Dame Street, Dublin 2, Ireland
Loading venue map..
Event details from Report a problem

Are you going to this event?

Advertisement